School: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (roll number 13155)
- Location:
- Garrafrauns, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fionnagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó darbh ainm Gothraidh ag teacht abhaile ón mbaile mór oidhche amháin.
Bhí sé ar meisge agus bhí sé ag glaoidheamh ar Cluirthín a thiacht amach agus é a throid.
Bhí bata ag an bhfear le Cluirthín a mharbhúghadh ach ní raibh sé i ndon é a fheiceáil mar spiorad a bhí i gCluirthín. Bhí troid eatorra agus s deireadh thóg Cluirthín an bata uaidh. Thug an spiorad bualadh maith don fhear . Nuair a bhí an fear marbh aige dubhairt Cluirthín "Mharbhuigh mé tú le bun agus barr do mhaide fhéin".
Tharla sin ag Poll a' Reatha. Chomhnuidhe Cluirthín ar cnoc Mhic Éamoinn. Tá rían an t-sean-tighe annsin fós.- Collector
- Micheál Breathnach