School: Dromlachan
- Location:
- Sunnagh More, Co. Leitrim
- Teacher: Peadar Mac Giolla Choinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dromlachan
- XML Page 340
- XML “Caoineadh Imeacht na Sióg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caoineadh Imtheachta na Sidheog
(I)Go doimhin fa'n gcaonach 's fa'n droighneánSa dún glas 'ta lomnocht is fuarGan a bhfeiceál go deo ag ár gcineadhTá ár gcás-ne go brónach monúirDo b'fearr leobsan cúrsaí san allódNá an saoghal seo 'ta againn indiúIs ghluais nuair a tháinig an t-athrúNí mhaireóchaidís linn san aois nua.
(II)Mo bhróin ghéir nar mhaireas na n-aimsirBheith páirteach 'na gcleasaí is' na ngleo,Fá lán t-seol ar chapall na sidheógGo cathracha Spáinne gan cheó (1)Nó bféidir go Droichead Mór LonndainAr dhruim an laogh bháin tugadh domLe'm chaipín dearg cruinn ar mo chloigeannAcht gan slán-fhocail dhiamhair im cheann (2)
(III)Bheith ag rásaí na gcapall i bhFá-Choill (3)Nó ar aonach na sidheog i gCluain (4)Mé fhéinneach dheanfas an margadAg an tom aoinraic uaigneach sa chlúidIs gheobhadh-sa eolas ar ghalar (5)Bhuail an bhó ag ingeilt sa DúnA casadh ar sluaightibh i gcomhlannIs d'éág as ucht saighde na mbuan.(continues on next page)- Collector
- P. Mac Giolla Choinnigh