School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 006
- XML “An Seanbhéim Céachta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Stad an feirmeóir agus chuimhnig, ach dúbhairt go dtabharfadh [sé] leis an cailín. D'imthigheadar leó ansan an fear agus an cailín, ach nuair a d'éirig an feirmeóir ar maidean bhí a raibh do stoc aige marbh.
Thug sé leis sluasad agus órd agus seo leis chun na leasa. Bhí sé ag raobadh tamall nuair a tháinig an seana-duine agus dubhairt leis an bhfear dul abhaile agus go mbeadh an stoc 'na mbeataidh arís. Chuaidh sé abhaile agus bhí sé tamall ag an dtig nuair a dúbhairt a bhean leis dul ar thuairisc a h-athar.
"N'fheadar-sa ca'il t-athair," ar seisean.
"Tabharfad-sa leitir dhuit a thabharfaidh ann tú" ar sise.
Do thug agus d'imthig sé agus bhí sé ag imtheacht riamh is choidhche go mbain sé amach tig a h-athar.
Bhí an t-athair agus a uillin curtha sios trid' an mbórd aige ó bheith ag gol i ndiaidh a inghine.
"Croth suas tú féin," arsan fear, "Tá t-inghean n-a beathaidh agam-sa".
"Am b'amhlaidh a tháinígis chun a bheith ag magadh fúmsa," arsan t-athair. "Dá mbeadh aon urchar sa guna agam do chaithfinn tú.
"Seo leitir duit" arsan fear
D'fheuch an t-athair uirthe agus dúbhairt gur b'í lámh a inghine a dhein é sin. Dúbhairt a bheirt mhac an rud ceudna. Chreid an t-athair é ansan.
Chuaidh an t-athair agus an bheirt mhac agus an chliamhain ansan go dtí tig na h-inghine, agus(continues on next page)- Informant
- Seán Criomhthain
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Dún Mór, Co. Kerry