School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'na bholg suas í agus thuit sé siar marbh dar nóigh. Ní raibh aon nídh lé deunamh leis ach thóg an figheadóir agus an tseana-chailleach amach agus cuireadar é i bpoll talmhan.
Ní raibh aon nídh sa tslighe ansan air chun na rioghachta ar fad do bheith aige ach an tseana-chailleach agus b'fhearr leis go mbeadh crích airthi.
Lá des na laeannta marbhuigheadar muc a bhí acu agus do cuireadh corcán mór uisce ar a dteine a théigheamh chun í scriosadh. Nuair a dhóigh leis é bheith ag fliuchaidh (fliuchadh) go maith, dúirt sé leis an seana-chailleach feuchaint síos ann, feuch a raibh sé ag fliuchaidh fós. D'fheuch sí síos ann agus do fuair sé a staf iarainn agus do bhuail sé thiar fúithe é agus do chaith síos ann í agus do choinnibh síos nó go raibh sí scólta go maith. Ansan ní raibh aon nídh ag teacht idir é agus ríoghacht an fhathaig ach níor dearmhad sé fios a chur ar a sheana bean i nDún Chaoin agus í thabhairt leis go dtí an gcaisleán mar ar maireadar ar a sásacht.
Níl aon fhocal éithig sa sceul so.- Informant
- Seán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Gleann Loic, Co. Kerry