School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 225
- XML “An Tarbh Beag Dearg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann fadó. Ní raibh acu ach stáicín beag coirce chun na n-ainmhidhthe beaga bhí acu a chothú. Bhí aon inghean amháin acu: cailín an-dheas. Bhí an cailín eirighthe suas timcheall hocht mbliana nuair a cailleadh a máthair. Phós a hathair ath-uair. Bhí an leas-mháthair ana cheanumhail ar an leas inghean go dtí gur saoghaluigheadh ingean di féin. Cailín deas ab' eadh í. Saoghaluigheadh beirt eile inghean di agus bhí máchaill ar gach duine acu. Ní raibh ach aon tsúil amháin ag duine acu agus bhí trí súile ag an gceann eile, an tríomhadh súil i gcúl a cinn.
Ní gheibheadh an leas inghean aon ghreim bídh ó'n leas mháthair. Aon lá amháin bhí sí ag aoidhreacht an stoic amuigh sa ghort mar ba ghnáthach léi. Tháinig tairbhín beag dearg chúiche agus dúbhairt sé léi an adharc a bhaint do féin agus nach mbeadh aon easbadh bídh uirthe, agus í a chur air(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry