School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 090
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fathach mór na chómhnuidhe sa domhan thoir fadó. Ní bhíodh aon chúram air acht ag chaitheamh léimeacha, imirt cloichí, chaitheamh ualaí, agus ag cur a chuid óir trí na chéile. Bhí sé na chómhnuidhe istig i gcoill ar thaobh srotháin agus abhainn mhór doimhin ar faid cúpla slaite uaidh.
Bhí aon mhac amháin aige agus maidir le na chuid áilneachta níor bh'féidir chur síos air. Bhí spéir-bhean cúpla míle uaidh. Do chualaidh sí mar geamhall air an bhfhear. Chuir sí chuireadh chuige teacht ar chuaird na cúirt lá áirighthe in am áirighthe. Do thoilig sé leis. Ghluais an t-óganach leis. Nuair a bhain sé amach an tig, cuireadh na mílte fáilte roimis.(continues on next page)