School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an chumadh a pósaidís annseo fadó ná théigeadh duine ón tig i aoinfeacht leis an bhfhear óg ag deanamh an chleamhnais go tig na mná, b'eó leó ag rígh-radh go dtí go mbeadh an cleamhnas deanta.
Théighidís amach ar dtúis ag triall ar an mboileóig (?) go dtí an sagart parróiste. Cuireadh san 'on Daingean iad chun a chúra ... (?) a deanamh croinn. Nuair a faghaidís í, thugaidís leó lón & cóir pósta. Tugaidís an oidhche sin thíos sa Daingean. Muinntir an dá tighe a bhíodh ann um an dtaca seo.
Ar maidin thugaidís leó seacht bairrle pórtair maidir lé arán bán & im, té, siúcre níor bhféidir trácht air. Chuiridís dá chapaill cairte mór tímcheall Cinn Sléibhe leis an lón. Gabhaidís féin leastuaidh tuaidh chun an t-sagairt. Bíodh ceól & amhrain aca i rith an bhóthair(continues on next page)