School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 525
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus ní raibh ach aon mhac amháin ar a mhuirear. Bhí clann inghean aige ámhthach. Is é ag fághail bháis thug sé trí chómhairle dá mhac. Siad na comhairlí iad ná a haon aon rud a thabharfadh sé ar an aonach gan é thabhairt abhaile airís. A dó dul ag fiosrú a cháirde sula mbeadh sé ró mhór 'na nganntar. A trí dul amach go bínn an tíghe agus féachaint soir is siar faid a rithfeadh a radharc agus gan dul thairis sin nuair a bheadh sé ag lorg mná. Seadh ach go h-áirithe do cailleadh an t-athair. Do bhí ana-chapall ag an bhfear so agus do theastuig ó'n mac í a dhíol ar an aonach. Nuair a tháinig lá an aonaig b'eo leis o'n Daingean leis an gcapall. Geobhadh sé níos mó uirthe ná mar a b'fhiú í ach ní leigfeadh sé uaidh í ar an airgead a tharrigidheadh do uirthe. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile ó'n aonach agus é ag tarrac ar an dtig, chuir sé ag léimeadh claidhe í agus briseadh muineál(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Riasc, Co. Kerry