School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 019
- XML “Pruais na mBithúnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí baintreach bhocht i nGlaisí bheag fadó agus ní raibh ací ach aon mhac amháin. Do thagadh sé ar Arda Mór na haon oidhche ag imirt chártaí agus bhíodh sé a haon sa dó a chlog na haon oidhche nuair a thagadh sé abhaile. Bhí ana dhá phártaí aige ar Árda Mór agus bhí rás an Dainghin buailte leó agus dheineadar suas a naigne chun dul ann ach ní raibh costas an laé aca.
Annsan chuadar ag imirt aon oidhche amháin agus dheineadar costas an laé ar na cártaí. Ach a dtánig lá an ráis do gaibh mac na baintríghe chun an dá phártaí agus dimthigheadar ortha ar an rás. Bhí ana lá seóig aca ar an rás ag feachaint ar na capaill ag rith. Nuair a bhí an tráthnóna ag dul i n'deanaighe do bhí tinneas ar a mháthair í dtaobh ná raibh an mac ag teacht agus nuair a dhorachaig an oidhche is mó ná san de thineas a bhí uirthe. Chuireadh sí a ceann an doras anois is aríst feachaint an mbeadh sé ag teacht ach ní raibh ná teacht.
Sa deire thiar thall bhris ar a faoidhne agus chuir sí chun súabhail ar Árda mor feachaint an raibh an dá phártaí tacaighthe. Ní raibh sí ach ag bun Ghlais nuair a ghaibh fear capaill ialaite tharaiste agus bheanaigheadar(continues on next page)- Collector
- Gearóid Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ó Ceinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry