School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 079

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 079
  3. XML “Eamon Mac Craith”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    stadh ná staonadh go dtí go mbain sé amach an bannc agus thóg sé amach an t-airgeadh. Annsan do chuaidh sé isteach i siopa agus do cheannaigh sé morán áraistí ar nós cupáin agus focupáin &rl, agus chuir sé iadh go léir isteach i bhpaca agus tabharthach aoine an leabhar gur airgeadh a bhí ann nuair a chrothfá an paca.
    Annsan do thug sé a agaidh ar Eamon mac Chrait. Chómh luath agus a tháinig sé suas chómhfada le h-Eamon do stop sé é agus dúbhairt sé leis roinnt don airgead a thabhairt do go tapaidh. Do bheir an buachaill ar an bpacha agus do chait sé síos i ngleann mor é a bhí taobh leis. Do rith Eamon síos ag triall ar an bpacha agus an fhaidh a bhí sé thíos ag triall ar do léim an buachaill anuas dhá chapall féin mar sean-chapall gan mhaith do bheadh é. Do léim sé anaírde ar an gcapall breágh a bhí ag Eamon agus chuir sé chun bóthair abhaile go dtí an bhfeirmóir.
    Nuair a tháinig sé abhaile do thug sé don bhfeirmóir an méid airgidh a bhí ag teacht chuige agus do innis sé a scéal do agus bhí an feirmóir ana shásta leis. Oidhche amháin fé cheann mí na dhiaidh sin do tháinig Eamon go dtí tig an fheirmóra agus eadach straicuighthe giobhalach air agus do leig sé air gur fear siubhail é. Níor aithnig aoinne é agus d'fágh an feirmóir sa tig an oidhche sin é.
    Ar madain amáireach nuair a bhí Eamon ollamh chun imtheacht diarr sé ar an bfeirmóir an buacaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seamus Ruiseál
    Gender
    Male
    Age
    15
    Address
    Baile na nGall, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Ruiséal
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Baile na nGall, Co. Kerry