School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do cómhnuig óig fhear i mbothán ar Sliabh an Fhiolair. Bhí a mhuinntir an bhocht . Ní raibh san eallach aca acht scata ghabhar.
Do bhíodh a lán daoine uaisle ag teacht go Sliabh an Fhiolair ag lamhach agus óir na bíodh aon cúram eile air théidheach sé na dteannta . Nuair a thuig sé an saoghal a bhí ag na daoine uaisle d'éirig sé mí-shásta leis an saoghal a bhí aige féin. Siúd chun bóthair leis lá amháin agus an gunna ar a ghualainn aige.
Bhí sé ag imtheacht roimis gur bhuail sé lé scata uaisle ag lamhach. D'fhan sé na dteannta rith an tae. An oidhche sin bhí fleadh ag na h-uaisle i dtig ina raibh cailín an-dhathamhail. Nuair a bhí deire iththe aca, do caith an t-óig-fhear an naipcín a bhí air a gluinibh sa teine. Cheistigeadar e, cad chuige gur dhein sé é sin agus dúbhairt sé gurab é béas a bhí aca nuair a bhiodh fleadh ina thig féin. Do thug sé le tuisgint dóibh go raibh a mhuinntir an-shaidhbhir , agus do dhein maoidheamh as na saighdiúirí , a bíodh mar garda cosanta aca ló istoidhche. Do mheas athair an chailín, go raibh an fírinne á innsint aige agus go raibh sé an-shaidhbhiragus sar a raibh an oidhche caithte bhí a inghean geallta leis an óig-fhear.
Tháinig muinntir an cailín uasail, chun a áite cómhnuidhe d'fheiscint . Fuaireadar amach ná raibh aige ach an bochtanas. Ceistigheadar é cá raibh an gárda cosanta, do theasbáin sé an scata gabhar doibh bhí timcheall an tíghe(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Siochrú
- Gender
- Male
- Age
- Over 80