School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 632
- XML “Fionn Mac Cumhaill agus an Fathach Mór”
- XML “Rann Filíochta le Seán Ó Duinnléighe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iongantach an neart atá id t-athair. Annsan cuir sé ceist ar bean a tíghe airis cad é an caitheamh aimsire a bhíodh ag Fionn agus na Fianna. Do theasbeain sí cloch mór do a bhí thaobh amuigh den dorus, agus dubhairt sí go mbídís á caitheamh thar tíghe agus ag bhreith uirthi san a dtuitfeadh sé ar an dtalamh ar an dtaoibh eile. Rug an fathach ar an gcloich agus chaith sé thar tíghe í. Rith sé mór tímhceall annsan agus thuit an chloc ar a cois agus bhain an croiceann di ó glúin go sál. "Seadh" arsan fathach leis féin, "Más é seo an caitheamh aimsire atá ag Fionn ní foláir nó gur fear láidir é.
Bhí eagla ag teacht air roim Fionn agus mheas sé gur b'fearra dhó imtheacht ar ais aisís go dtí an domhan thoir agus d'imthig sé leis. - 1.
Bríste má thugais a bhí lom caithte lobhtha
I Dtosach an bhille ná dtabharthas
Bhíos ag múineadh do chloinne is ag déanamh gach nithe
Agus is uatha súd a theastaig an Fhoghluim.
2.
Mar a bhfuil dhlíghe na Saxon ar mo thaobh cun é tharrach
Ná aon deal a fhághail magheallce le fonn ceart
Cnaoi go dtugaid fé ndein dlíghe don gcaillig,
Do bhéarfaidh a hanam do deamhnaibh