School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán
“A Shiobhán Ni Hyne an aindhise”
Bean a iompuigh ón gcreideamh Catoilceach agus a phós duine ón Sup - sé sin Prodastúnach: Deirtear gur bé Seán na bPaidreacha a chúm é seo.
A Siobháin ni Lyne (?) an aindhise
San ath-tuirse go brách ort
Mar dhóighis do scaball beannaighthe
Is stracais do aibíd áluinn
Dhíólais do chroidhe is d'anam
Is Shéanais Mhuire Mháthair
Is mar géall ar seacht scillinge sa tseachtmhain
Do phósais Paddy Saucepan
Go bhfeicfead-sa airís go dealbh thú
Agus gan muga agat na saucepan
Ag siúbhal na mbóithre mbeannuighthe
A's ar do throm go mbeidh an mhála
Ní bhfaghaidh tú prátaí min na bainne uainn
Na aon rud le cur id mhála
Acht siúistealam le maide thú
Agus madraí an bhaile do sághadh leat