School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)

Location:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Teacher:
Dll. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 749

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 749

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Page 749
  3. XML “Scéal - An Leasmháthair agus an Leasmhac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lanamha ann fadó ach ní fada a bhí nuair a fuair an bean bás slán mar a n-innstear é. Do bhí aon mhac aca. Do phós an fear arís. Níor tháithnig an leas-mac leis an leas-mhathair in aon chor. Níor lúgha leí an bás ná é. Cuireadh sí obair ana cruaidh air. Aon lá amháin cuaidh sí féin agus a fear go dtí an Daingean, agus dubhairt an leas máthair leis an leas mach aire a thabhairt don gcráin ar eagla go níosfaidh sí an poll prátaí agus gan aon rud eile a dhéanamh an fhaid a bheidís imighthe. D'imthigheadar leó go dtí an Daingean agus bhí an buachaill bocht ag déanamh go maith. Taréis dinnéir do tháinig buachaillí an bhaile ag glaodhach air cun dul ag imirt caide. Do bhíodar ag gabhailt do is ag tathant air agus dubhairt sé ná raghadh mar go mharbhochadh a leas mháthair é dá raghadh an cráin ag ithe na prátaí. Mo thruagh do ceann ars na buachaillí leis cad tá le déanamh aice acht a dhicheall. Bfhéidir gurb é sin an dícheall d'aon dómsa arsan buachaill bocht. Do bhí dúil marbhthach aige cun caidé d'imirt. Ach do bhuaidh an dúil ar an bhfoidhne aige agus cur sé do in aonfeacht leis na buachaillí. Nuair a bhí sé imighthe ó'n dtig níor cuimhnig sé ó shoin ar an gcráin. Bhí sé ag imirt agus ag imirt agus fé mar a cuimhneochadh sé ar an gcráin thug sé léim as a corp agus seó leis abhaile, is go dtí an bpoll an céad áit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Maoleoin
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an Ghóilín, Co. Kerry