School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear Siúbhal
Bhí fear siúbhal 'na cómhnuidhe sa Cam fadó. Aon lá amháin bhuail sé isteach go dtí bean ar an mbaile. Nuair a théigheadh sé isteach sa tighthe loirgiugeadh sé a dinnéar. Nuair a cuaidh sé isteach go dtí an mnaoí seo loirg sé a dhinnéar ann. Nuair a bhí deire ithte aige loirg sé túbháile ar an mnaoí. Ní raibh aon túbháile aice le tabhairt dó. Dúbhairt sé léi gan é bhac mar sin. Dúbhairt sé léi a h-aprún a thabhairt cun a lámha a ghlanadh. Thug sí do é. D'fhan sí tamall maith istig sa tig. Fé dheire d'imthig sé amach. Ní raibh sé acht seacht rainne ón dtig nuair a caith sí é leanamhaint. Bhíodar ag imtheacht leo nó go mbuail sean-duine ón mbaile leó agus d'fhiafruig sé dí cá raibh a triall. D'innis sí dho cad a thárla. Caith díot an t-aprún arsa é sin agus cas ar a chéile é agus caith taobh istig don gclaidhe é. Dhein sí amhlaidh agus cuaidh sí abhaile. Níor thug sí a h-aprún d'aoinne as san amach.Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.- Collector
- Siobhán Ní Fhiannachta
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Fhiannachta
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry