School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus fear sna bhréagh ab’ eadh é. Bhí sé i n-a scoláire mhaith leis. Lá Domhaigh bhí sé ag comhthalán rinnce agus ghaibh bean sidhe go raibh bean draoidheacht uirthi chúige ó’n lios. Bhuail sí a lámh f’en a ascaill agus chaith sé suibhal i n-aoinfheacht léi. Chuir sí torn mór ceoidh i n-a dhiaidh chun ná feiceadh aoinne cár ghaibh sé. Thug sí léi tamall mór ó bhaile é dtí gur bhuail chloch mhór leo. D’oscail an chloch agus chuadar isteach innte agus dhún sí arís i n-a ndiaidh. Bhí tig istig sa chloich sin ag an mnaoi sidhe agus thug an fear so seacht mbliadhan sa chloich aici. Seánach Séamuis a tugtaí air.
I gcionn seacht mbliadhan d’oscail an chloch agus d’eirigh an bhean sidhe amach fé’n aer ag cíoradh a cuid gruaige. Bhí fhios faighte ag Séanach Séamuis uaithe ar feadh na seacht mbliadhan a bhí sé istig sa chloich, cé bhí abálta thabhairt amach dá h-aimhdheoin le bárr filidheachta. Sgríob se mórán leitreaeha agus sgaoil sé leis ngaoith íad go bhfaigheadh na scolairí iad ar thaoibh na mbóthar, chun tuairisg a thabhairt dá mhuinntir go raibh sé fé dhraoidheacht ag an mnaoi seo. Bhí triúr file ar fuaid na hÉireann san am san. Duine acu sa Ghaillimh, duine acu i(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry