School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)8. Chómh h-árd le falla,
Chómh dearg le fuil,
Chómh bán le sneachta,
Is chómh milis le mil.
Ubhall.9. Bhí triúr dearbhráthair ag gabháil thar teampall lá. "Raghad-sa isteach is déarfaidh paidir le mac mo dhearbhráthair," arsa an chéad duine. "Raghad-sa isteach is déarfaidh paidir le mac mo dhearbhráthair," arsa an dara duine. "Ní raghad-sa isteach," arsa an tríomhadh duine, mar ní'l aon mhac dearbhráthair agam.
A mhac san a bhí caillte.10. Bhiní, bhiní isteach sa chlaidhe,
Bhiní, bhiní amach sa chlaidhe,
Dá dteangochthá le bhiní,
Theangeochadh bhiní leat go croídhe.
Neantóg11. Trí chosa an áirde
Dhá cheann ar thalamh
Ceann an duine beo
I mbéal an duine mhairbh.
Corcán ar cheann duine.12. Cím chúgham tríd an Mumhan peilacán na gréine
Fear na cóta deirge is snáithín gorm na léine.
Gliomach.13. Feach amach mo dhaidí críonna agus hata air.
Deatach.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chíobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Domhnall O Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry