Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an oreachán críonna lá ag tabhairt comhairle do'n bpreachán óg. Nuair a chidfir fear ag gabháil an bhóthair agus nuair a isealochadh sé síos chun breith ar chloich, léim!" Cad a dhénfainn dá mbeadh an chloch i n-a phóca? " arsa an preachán óg, "A! n diabhal arsa an preachán críonna, Is múinte tusa ná me féin".
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chíobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dómhnall O Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry
- Piseóga.1. Bheith ag taidhbhreamh ar uibhe lobhtha, comartha go gcaillfear duine éigin.
2. Tochas id' shrón bheadh duine éigin ag cur síos ort.
3. Ial do bhróig scaoilte bheadh duine éigin ag cur síos ort.
4. Tadhbhreamh ar capall dhubh comhartha leitreach.
5. Tochas id' láimh clé comhartha eile go raibh leitir ag taghat chughat.
6. Tochas id' láimh dheis comhartha go raibh duine éigin chun láimh a crothadh leat.
7. Dé mbeithea ag tabhairt tae do dhuine i dtig cuirp is ceart do é ól pe'ca thaithneochadh sé leis nó ná déanfadh, mar deirtear, go mbeadh gráin ag an duine mhairbh ort muna n'ólfa an tae.
8. Bheadh droch rath ort dá ndeanfá na rudaí seo leanas:-
(a) Scáth fearthaine a oscailt istig i dtig.(leanann ar an chéad leathanach eile)