School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 071
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig an ministear Tomás agus cheistnigh ós árd í - Cad a thug annso tú? “Do thug” ar sí sin “mo bholg mar do thug tú féin”.
- Bhí file ann fadó agus bhíodh sé ag imtheacht ó thigh go tigh ag soláthar a bhéile. Uair amháin
chuaidh sé go dtí baile ar a dtugtar léim ar léigh, ins na gleannta, Daingean Uí Chúist. Ní bhfuair sé faic le n. ithe ann agus ar séléim ar léigh, baile gan ghreann,
Is mairg a théigheann gan a dhínnéar ann,
baile beag briste, lámh le h-uisge
Agus mná gan tuigsint - Bhí file ann aon uair amháin darbh ainm dhó Eoghan agus gach aon a bhíódh Stáisiúin leanadh sé na sagairt ann chun go bhfaigheadh sé breicfeast i n-aoinfeacht leo. Lá amháin d’fhiafruigh an sagart d'Eoghan cén fáth go mbíodh sé á leanamhaint I ngach aon áit d’fhreagair Eoghan é mar seo:-
“Is file is is liagh mé atá i ndiaidh na cléire
Agus is gan cuireadh gan iarraidh a théigim chun gach béile
Itheann bhúr bhflacla- sa biadh gach aoinne
Agus d’réir mar a deirtear ní fial sibh féinnigh.- Collector
- Sinéad Ní Ghogáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry