School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí préachán críonna ag tabhairt cómhairle don bpréachán óg. “Nuair a chidhfir fear ag gabháil an bóthair agus nuair a chromfaidh sé síos chun breith ar chloich, léim!” “Cad a dhéanfainn dá mbeadh an chloch i n-a phócha”? arsa na préachán óg. “A an Diabhal” arsa an préachán críonna “is múinte tusa na mé féin.
- Bhí lanamha bocht ann fadó agus bhí seal maith dá h-aois caithte ag an sean mhnaoi is “sé bhíodh ar bárr a teangan gach lá aice ná go mb’fhearr leí go mbeadh an bás tagaithe triall uirthe. Lá amháin do bhain an fear craiceann de ghamhain óg agus scaoil sé isteach sa tig chúice anois agat é” bhí
an bhean ag screadaigh is ag bualadh a bas mar bhí eagla uirthe roimh an bás. Labhair sí leis an mbás agus dubhairt “gaibh lastuas agus beir é féin leat".- Collector
- Caitlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry
- Informant
- Donnchadh Ó Curráin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry