Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear beag do dtí dorus an leasa agus do glaoidh sé isteach air. Chuaidh an fear isteach agus dubhairt an t-sidheog leis é féin d'ullmhú go raghaidís araon síos go h-íochtar na h-Éireann ar phósadh bhí ann. D'fhiafruig an fear de'n t-Sidheoig cionnus a raghaidís annsan. Dubhairt an t-Sidheog leis dul amach agus dhá bhuachalán buidhe do thabhairt leis.
Cuaidh an fear amach agus thug leis an dá bhuachalán agus thug do'n t-Sidheog iad agus bhí dhá chapall bhreaghtha déanta aige ar an spota. Chuaidh duine acu anáirde ar gach capall agus ní gearr gur bhaineadar amach tig an phósta. Ar an mbóthar ag imtheacht dóibh dubhairt an t-Sidheóg leis an bhfear go rachadh an bheirt acu anáirde ar na frathachaibh agus go ndéanfadh an cailín trí sraoth agus muna n-abhruigheadh aoinne "Dia linn is Muire" i rith na trí h-uaire go mbeadh an cailín aige féin.
Nuair a chuadar isteach bhí an rinnce is an ceol ann agus chuaidh an bheirt anáirde ins na frathachaibh. I gcionn tamaill do dhein an cailín sraoth agus ní dubhairt aoinne "Dia linn is Muire." Dhein sí an dara sraoth is níor labhair aoinne agus nuair a dhein sí an tríomhadh ceann dubhairt fear baile boithín "Dia linn is Muire." D'fhéach an t-Sidheóg air le gráin agus thug súnnc do agus caith anuas ar an úrlár é. Tháinig sé anuas ar ghuailnibh na daoine fé na bhun agus shabháil san é. D'innis sé an sgéal do'n cailín mar gheall ar an t-Sidheog agus an t-seift a bhí beartuighthe aige. Thug an cailín agus an buachaill ana chuid airgid dó agus tháinig sé abhaile go Baile Boithín is do mhair go sonasach sásta.- Bailitheoir
- Caitlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Michéal De Lonndra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Kerry