School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht gan leigint d'aon chlog eirghe air nó má ndéanfadh go mbainfeadh sé féin ann ceann de. Dhein sé amhlaidh.
Bhí tuirse chomh mór san ag goilleamhaint ar an Gruagach gur shín sé sa chuimhne agus thuit a chodladh air láithreach. Ní raibh an Bradán i bhfad ar an dteine nuair a d'eirigh clog mhór ar a dhrom. Chonnaic Fionn an chlog ag teacht air. Bhuail sé a órdóg anuas ar an gcloig agus dóghadh a órdóg. Sáigh sé isteach i n-a bhéal é agus fuair sé saghas feasa go marbhochadh an Grúagach é. Nuair a bhí an Bradán beirbhighthe, chuir sé ar an mbórd chuige féin é agus d'ith sé a dhóthain. Bhí scannradh air go ndúiseochadh an Gruagach an faid is a mbeadh sé a ithe. Nuair a bhí a dhóthain ithte aige fuair sé fios go marbhochadh an Gruagach é. Ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé. Chonnaic sé sparra iarainn istigh sa tigh agus sháigh sé isteach sa teine é. D'fhág sé ann é go dtí go raibh sé dearg. Thóg sé amach é agus sháigh sé isteach i súil an Gruagaigh é. Léim an Gruagach síos go dtí an dorus ar eagla go raghadh Fionn amach. Bhí trí cinn de ghabhair istigh sa tigh. Bhí ainm fé leith ar gach ceann acu - Bínnsín Glas, Bínnsín Dubh agus Bínnsín Bán. Bí amuigh a Bhínnsín Glas arsan Gruagach agus gaibh sé amach. Do bhuail an Gruagach a lámh ar a dhrom ar eagla go mbeadh Fionn anáirde air. Dubhairt sé an rud céadna leis(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Padraig Mac Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry