School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Bínnsín Dubh agus chuir sé a lámh ar a dhrom sa t-slighe céadna. An fhaid is do bhí an dá ceann eile ag dul amach, bhí an croiceann bainte de'n tríomhadh ceann ag Fionn. Chuir sé anáirde ar a dhrom é. Bí amuigh a Bhínnsín Bháin ars an Gruagach. Go raibh Fionn amach leis an gcroiceann anáirde ar a dhrom. Bhí sé ag lamhachán ar a lámha agus a ghlúinibh. Bhuail an Gruagach a lámh anáirde ar a dhrom fé mar a dhein sé leis an dá cheann eile roimhe sin. Cheap sé gurb é an tríomhadh gabhar a bhí ann. "Bí amuigh a Fhinn" ars an Gruagach. "Táim-se amuigh ceana" ars Fionn. "Dheinis mar sin é" ars an Gruagach. "Ní bheidh an buadh agat go dtí go mbeidh an fáinne annseo im' phóca ar do mhéar agat.
Thug Fionn geilleadh dó, acht mar sin féin bhí eagla air teacht in-a ghoire ar eagla go marbhochadh sé é. "Má tá eagla ort ars an Gruagach "Ní gabhadh dhuit teacht i n-aice liom ach sín amach do láimh fada agus cuirfead-sa an fáinne isteach ann. Do shín Fionn amach a mhéar agus do shín an Gruagach an fáinne chuige. Nuair a bhuail Fionn a lámh chuige léim an fáinne taobh istigh de'n alt agus d'fháisc an fáinne mar bhí draoidheacht air. "Cá bhfuilir a fháinne" ar an Gruagach "Táim annseo ar mhéar bháin Fhinn Mhic Chumhail ó Éirinn" ars an fáinne. Suidh leis an nGruagach i ndiaidh Finn annsan - deireadh sé anois is arís cá bhfuilir a fháinne. D'fhreagruigheadh an fáinne(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Padraig Mac Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry