School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)súil fheuchaint a thug na Feiritéirigh ar na capaill a bhí ag rith bhí muintir Uí Mháille dulta i bpoll. Níor dhein na Feiritéirigh aon stad go dtí gur chuadar go dtí an baile treasna, agus bhí sean-bhothán annsan ná raibh air ach an ceann. Thugadar leo na maidí go léir chun bheith ag gabháilt ar mhuintir Uí Mháille leo.Nuair a thángadar go dtí Tráigh Fionn Trágha airis bhuail muinntir Uí Mháille leo agus thosnuigh an troid airist agus do lean sé go dtí a naoi a chlog istoidhche. Bhí muinntir Uí Mháille leath-mharbh. Bhí an tsrón de dhuine acu, agus bhí duine eile acu sínte siar ar an dtalamh fuar marbh agus ní raibh aon tsúil ag aoinne go mairfeadh sé ach do dhein. Chaith na póilíní teacht sa deire chun iad do chosaint, agus chaitheadar gach aoinne de’n dá dhream isteach insan mbarraic. Annsan bhí cúirt ortha sa Daingean, ach nior bhfhéidir a gcúis do phléidhe, agus caitheadh í chur go Tráigh Lí.Bhris an chúirt sin iad, idir Feiritéirigh is Uí Mháille agus b’éigean dóibh an áit d’fhágaint. Bhíodar ag imteacht timcheall ag bailiú na déirce, agus sa deire thiar d’imthigheadar as an áit ar fad. Dá dhéine chuaigh an dlighe ar na Feiritéirigh bhíodar ábalta ar an áit do choimeád ach bhíodar beo bocht as san amach, agus táid fós an méid acu atá fágtha.
- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry