School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 074
- XML “Fuaras ó Dhia mar Fuair Brian Bean”
- XML “Domhnach an Vestry”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Stéimí (Stiabhna) bhí soílse ag imtheacht fean na hoidhche ahus chonnuic an parróiste iad ó'n bhFotharaig siar go Ceann-a-'Stanndail.
- Domhnach áirighthe sa bhliain bhailigheadh an pobal go léir lasmuich de'n sáipéal tar éis aifreann(aifrinn). Bhíodh saghas election acu idir dhá thaobh an pharróiste. Cloisinn na sean-daoine ag cur síos air agus mé ag éirighe suas. Ní raibh a leithéid in aon chor ann lem'línn-se ná i bhfad roimhe sin. Valuation Griffith a chuir deire leis an obair sin. Ach an taobh go n-éirigheadh leó sa chóireamh leighidís an deárna go cruaidh ar an dtaobh eile. Buaidhtí i gcómhnaidhe nach mór ar Ghabhlán agus dheine adar san gearán leis an sagart ar an gcamasdaoil a bhíodh ar siúbhal. Dhein na sagairt éirleach mar gheall ar an éageóir a bhí á dhéanamh. Peatsaí Briain a bhí i nGabhlán Thoir agus féar ocht mba déag aige. Roinneadh an talamh san na diaidh san ar triúr. Tá a gclann san ann fós. Na Gearaltaig Ghabhlán Beag na daoine ba mó a bhí ar an dtaobh san. Mar a bhfuil John L anois a bhí na Brianaig agus is as san a chuaidh Peatsaí go Gabhlán. Éagantacht is dócha a chuir ó Ghabhlán é. Bhí sé ana léigheanta agus bhí sé chun bheith 'na shagart ach d'éirig sé as(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry