School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 152
- XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur thóg sé ar a costas féin dóibh coinnle gléigeal agus roinnt phíopaí."
Bhíodar féin ró bhocht deallruigim cun an tóramh a chur ar a n-athair nó b'fhéidir go rabhadar ró-óg nuair a cailleadh é.[Agus cá raibh an dlighe? Nóan raibh aon leigheas in aon cor ar an sgéal? nó aon dlighe in aon cor sa tír?]Leigheas! Nár leighis Dia an sgéal go léir dóibh,gan an t-iasg a chur chúcha agus ba mhaith an leigheas á. Agus i dtaobh dlighe nar b'iad an dream gur leó na trálaérí lucht na dlighe sa Daingean. Agus dá mbeidís sin féin com macánta leis an sagart -rud ná rabhadar - cad é'n comhthrom fhéadfaí baint de dhaoine a dearbhóchadh cam is díreach mar dh'oirfeadh dóibh. Ná bíodh coimisinéirí anuas ó Bhleá Cliath sa Chúirt sa Daingean d'iarraig réidhteach a dhéanamh. Tháinig muinntir Abha -na-Scáil agus sagart parróiste na dteannta. Cuireadar gearán isteach go raibh trálaér Micil Long a sgriosadh. Dhearbhuigheadar go bhfeacadar an t-iasg aige á tabhairt ar bórd as an líon-trál agus go raibh oiread san sgéachtaint éisg ar bórd aige go raibh sé á shluaisteáil le sluasaid amach sa bhfairrge agus ná raibh aon breac le fágail ó Cheann Daimh go h-oileán Ínse dá bharr. Dhearbhuig Long go raibh sé an fhaid(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry