School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 163
- XML “Eas Luachra - Francach”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí fear ar an dTír Íochtarach go mbíodh sé mar bhéas aige bheith ag codailt amuig ins na garraidhthe nuair bhíodh sé ag obair. Lá amháin agus é 'na choladh amuigh, tháinig franncach agus rug sé ar chois leis agus bhí an chos ana thinn.Cúpla lá 'na dhiadh san, bhí sé ar an ngarraidhe arís agus thuit a choladh air, agus nuair dhúisig sé, cad a chífeadh sé ná Eaisin Luachra agus an chneadh á líogeach (?) aici. Scaoil sé léíthi ar feadh tamaill agus annsan d'imig sí chun siubhail. Tháinig sé an lá 'na diaidh sin arís, agus arís eile: leigfeadh sé air a bheith 'na choladh taréis tamaill, mar bhraith sé an chos a dul i bhfeabas go tapaidh. Nuair bhí sí cneasuighthe níor tháinig sí a thuille.
- Informant
- S. Ó Loineacháin
- Gender
- Male
- Age
- 70
(no title)
“Nuair a bheidh an cuideann a dhéanamh agat cuir an tlúth sa teine a deargadh, agus ní féidir le h-éinne annsan an t-im do bhreith uait.”
Nuair a bheidh an cuigeann a dhéanamh agat cuir an tlúth sa teine ar deargadh, agus ní féidir le h-éinne annsan an t-im do bhreith uait.Tomás d' Mórdha, Breanndáin