School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 716
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí seana cheardtain i dTaobh a Chnuic fadó san áit go bfuil gharraidhe le Dómhnaill Ó Lóingsig anois. Tá na fallaí na seasamh fós ach tá an ceann imthighthe dhe. Bhí ceann eile i Mhurrigrán i ngarraidhe le Máirthín ó Dhúbhda. Bhí Seana Ceardhthain eile i mBranndán san Áit go nglaodhtar an 'leacht' air. Ní bhíodh na gaibhne ag déanamh aon ní ach ag cur cruidhte fé chapaill mar ní raib aon chéachtaí ná geataí na aon rud eile. Ar siubhal an uair sin. Bhí Seana cheardthain eile i Liosnacáolbhuide agus ceardthain ana mhór dob eadh í. Bhíodh ana-glaodach aige mar gabha ana mhaith dob eadh é chun rudaí do déanamh. Bhí sé níos féarr ná na gaibhne atá ann anois. Bhíodh tailiúrí i mBaile Uí Dhuibhne fadó agus bídís ag dul ó áit go h-áit ag déanamh culaithí eadaig agus rudaí eile, chun airgidh do déanamh. Lóinghsig do eadh iad. Bhíod figeadóir i dtaobh a Chnuic fadó san áit go bhfuil tíg Dhomhnaill Uí Lóinghsig anois. Mach do Phatso (Níoclóis) d'Mórdha dob eadh é. Bhí sé ana mhaith cun pliancéadaí do dhéanamh.
- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female