School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 784
- XML “Buailín an Chrú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sé cinn d'uibhe airgid agus ubh óir. D'imthigh sé isteach agus d'innis sé d'on Phápa gurabh é seo an tiongantas ba mhó a chonnaic sé.
"Ar bhfeachaís an nead?" arsa an Papa. "Connac" arsa é sin. "Ar thugais fé ndeara aon difríocht ins na sé cinn d'uibhe airgid?" "N'fheaca" arsa é sin. "Siad na sé uibhe airgid" arsa an Pápa, "na sé laethe de'n tseachtmhain, agus sí an ubh óir an Domhnach. Níl aon difir ar na sé laethe úd" ar seisean. "Téir abhaile anois agus tá do pheaca maithte ach caithfidh tú mainistir a thógaint im'Buailín a Chrúdh' mar bhreitheamhanachas air". "Cá bhfuil an áit sin?" arsan Bráthair. "Lorg é" arsan Pápa.
D'imthig an Bráthair tar nais go h-Éirinn agus bhí sé ar lorg 'Buailín a Crúdh' ó áit go h áit agus thug sé tamall maith ag imtheacht ó thigh go tigh. Do casadh isteach sa tigh seo é aon oidhche amháin, go mbíodh cruinniughadh buachaillí an bhaile ann agus bhí siad ag cur cúntas caorach ar a céile. Dubhairt duine aca go bhfeaca sé caora im'Buailín a'Chrúdh'. "A gharsúin" arsan Bráthair leis, "an nósfaidh tú dhom cá luigheann 'Buailín a chrudh'?". "Nósfad agus fáilte" arsan garsún agus dhein sé amhlaidh. Chuaidh an Bráthair agus thóg sé a mhainistir ann agus deirtear go bhfuil na fochracha le feiscint fós.- Collector
- Cáit Ní Dhúbhda
- Gender
- Female
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Séamus de hÓra
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry