School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 802
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Domhnailín agus Nóirín na gcómhnuidhe in aice an Daingin uair amháin. Bhí feircín ime stórtha suas aca i gcóir an Gheimhridh agus bhí muc sa tsoitheach aca leis agus dubhairt Domhnailín léi iad a coimeád go dtí Sgríobh liath an Earraig; dubhairt sé go mbeadh an feóil aca leis an cabáiste. Cuaidh Dómhnailín síos an tír ag tuileamh airgid. Aon lá amháin tháinig fear mór isteach go dtí Nóra agus d'fhiafruig Nóra de ar b'é Sgríobh liath an Earraigh é. Dubhairt sé: "mhaise ní h-aon bréagh Sgíobh liath an Earraig a glaodhach orm." Arsa Nóra: "dubhairt Domhnailín liom an feircín ime a thubhairt duit nuair a thiocfá." Fuair sé téad agus ceangail sé an feircín ar a dhrom agus súid leis go buidheac. Bhí an cabáiste ag fás suas go h-áluinn agus dubhairt Nóra gur mhithid di an fheoil a cur leis an cabáiste agus bhuail sí blúire de le gach stumpa cabáiste agus tháínig madraí an bhaile agus d'itheadar an fheoil.Nuair a tháinig an Geimhreadh tháinig Domhnailín abhaile agus d'iarr uirthe cá raibh an feircín ime agus dubhairt sí gur thug sí do Sgríobh liath an Earraig é. Annsan cuaidh sé go dtí an tsoitheach agus ní raibh ann ac an picel. D'fhiafruig sé di cá raibh an fheoil agus dubhairt sí gur cuir sí leis an cabáiste é agus gur ith na madraí é. Bhí fearg mhór air agus dubhairt sé go raghadh sé ag tuileamh arís agus dubhairt Nóra go raghadh sí in aonacht leis. "Tharraigh(continues on next page)
- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Eoghan Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry