School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 803
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an dorus id dhiaidh mar sin" arsa Domhnailín. Bhí sé tamall ó bhaile nuair a cualaidh sé an gleó na dhiaidh. "Ní hé sin a dubhairt mé leat ac é dúnad" arsa sé. "Bhéarfad liomsa é anois ó thugas cómh fada liom é" arsa sise. Tar éis tamaill connacadar solus istig sa choill agus dheineadar fé.Bhí dhá theine ann agus corcán feóla agus prátaí ag beiriú ortha. D'itheadar a ndóíthin agus dubhairt Domhnall gur cualadh sé an gleó agus gurab iad na bitheamhnuig iad. Dubhairt sé léi dul suas an crann a bhí in aice na teine agus cuaidh sé féin suas ar dtúis agus seo na dhiaidh Nóra agus an dorus aice. Annsan tháinig an dream. Shuigheadar síos agus d'itheadar an suipéar. Tar éis tamaill dubhairt Nóra go gcaithfeadh sí síos an dorus ortha. Dubhairt Domhnall léi go raibh rud éígin á piocadh agus dubhairt síg o gcaithfeadh. Do chaith sí síos é. Do mhairbh sí trí cinn aca. Nuair a chonaic an mhuintear eile é sin ritheadar as an áit. Tháinig an beirt anuas. Fuaradar mála breagh óir agus cuaidh an beirt aca abhaile go sásta.
- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Eoghan Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry