School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 910
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach an dorus acht timcheall cupán de a leigint ins an meús agus é sin a caitheamh isteach san teine ar maidin.
- Fadó ní caitheadh na daoine bróga anso go mbíodh siad fiche bliadhan. Bhí fear sa Mhachaire timcheall fiche blian ó shoin. Níor cheanaig sé péire bróga go raibh sé cun pósadh agus bhí sé timcheall 30 bliana d'aois. Bhí an péire sin aige go bhfuair sé bás, agus bhí an peire bróga cómh nuadh an lá deirineach is bhíodar an lá fuari sé iad. Níor caith sé na bróga riamh ach an lá a phósadh é. Sé an ainm a bhí ná Tadg Ó Flainn. Caitheann na daoine bróga nuair a bhíonn siad ceithre nó cúig bliadhna d'aois anois. Caitheann na daoine bróga gach uair sa bhlian ach amháin na daoine óga. Ní bhíonn aon bróga ortha san ins an Samhradh. Tá cúigear greásaidhthe ins an ceanntar. Tá siad ag déanamh bróga agus ag deisiú bróga(continues on next page)
- Collector
- Seán Ua Murcadha
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Murcadha
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Address
- An Clochán, Co. Kerry