School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 911
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)briste. Bhí an ceárd ag muíntir Ó'Néill ón a shínsear. Greásaidhe dob eadh a athair, agus bhí an ceárd ana maith aige.Seán Ua Murcadha
Doire na Muice - Bhí fear i Branndán ar ab ainm do Tomás Ó Súilleabháin agus níor caith sé bróga riamh. Do cuaidh sé go Cíllaírne uair sa tseachtmhain cun a chuid éísg a dhíol agus bhíodh sé abhaile roimh na cairteacha. Deintear níos mó bróga anois seacas fadó. Bhí fear i gClochán dar ab ainm dó Seán Ó Concubhair. Bhí sé ana mhaith cun peire bróga do dheánamh agus cun bróga do dheisiú, agus cuireadh sé adhmad mar bonn fútha. Bhí a bheirt dhrithaír, Seámus agus Pádraig ag greásaidheacht, a athair agus a shean athair leis. Bhí fear i Drum ar ab ainm dó Tomás Ó Muirchearthaig agus bhí sé ag deánamh bróga. Ní raibh sé ró mhaith in-aoncor cun phéire bróga do dheánamh agus nior cheanaig éinne na bróga a dheineadh sé. Gach lá a raibh aonach sa Daingean do chuaidh sé ann le ualach bróga. Nuair a sroiseadh(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ua Dúinn
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Dúinn
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Clochán, Co. Kerry