School: Killorglin (B.) (roll number 12832)
- Location:
- Killorglin, Co. Kerry
- Teacher: Ml Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Killorglin (B.)
- XML Page 370
- XML “Cé acu Gleann na gCoileach nó Gleann na gCaileach an tAinm Ceart”
- XML “Uaigh na dTrí Rí, Bóthar na Lochlannach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i ndisc on am gur leagadh an choill mor timcheall air i aimsir an chogadh mhoir.
- Uaigh na dTrí Righthe agus Bothar na LochlannachTráthnóna ile agus mé ag caint le Dóm. Ó Duibhir luaidhte cheana, do theasbáin sé dhom i gcúinne páirce in aice a thighe féin trí clocha agus a mbarra os cionn talmhan agus dubhairt sé gurbh é suid "uaigh na dtrí righthe." Nuair a bhithear ag baint mhóna ins na portachaibh sa Baile Fearainn seo de Mhuing a' Phúca, dubhairt liom gur castí ortha uaireanta fad ó giota mór fóla timcheall ceithre fóid i ndoimhneacht fé uachtar an phortaigh ach gan aon chnamha bheith le fhaghail. Is deallrathach gur buaileadh troid san áit seo le Ré na Lochlannach mar tá giotaí sean-bhothair le feiscint annso fós ag dul soir tríd an Roinn agus siar go dtí Ros Beithe agus an Cromán cois na farraige áiteanna go dtagaidís na Lochlannaigh i dtír go dtí gur briseadh cath ortha ag Muinntir Mhuircheartaigh ó Corca Duibhne agus ag Muintir Locha Léin timcheall 831(?)
Deirtear liom go raibh an bothar so marcálta ar léarscalaí an Ordnance Survey bliadhanta ó shoin agus ní fheaca aon cheann acu súd.M. Ó Donnchadha, P.O. Cill Fhorglan- Collector
- M. Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Killorglin, Co. Kerry