School: Killorglin (B.) (roll number 12832)
- Location:
- Killorglin, Co. Kerry
- Teacher: Ml Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Killorglin (B.)
- XML Page 371
- XML “Beith an Chrocaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Beith an Chrochaire.
Cúig míle nó mar sin ar a'dtaobh thiar theas de Cill Fhorglan tá loch breagh deas ann, 7 Loch Cárthaighe is ainm do.
Tá tig mór ósta anois ann, 7 cúpla céad slat ar a' dtaobh thoir de tá bhoithrín go dtugtar air "Boithrín a'Steóir (Store).
Ag bun an bhoithrín seo ar bruach an locha tá uaigh le fheiscint, nó rian de pé scéul é, 7 is é an cúntas a bhaineann leis:
In aimsir Mhic Cárthaigh Mhóir bhí daoine 'na gcomhnuidhe ag ceann siar an locha: se Mhuintear Mhuircheartaigh a b'eadh iad.
Comán Carthaighe ainm na h-áite.
B'éigin doibh súd cáin i bhfuirm blonaigh 7 rudaí eile do dhíol d'on Chárthach, 7 do réir mar is gnath níor mhaith léo ró-mhór an cháin sin in ao'chór.
Tháinig fear ón gCárthach ortha lá ag iarraidh cána, ach má tháinig féin ba bheag an tairbhe dhó mar cuaird in aistir a chuir sé air féin.
D'imthigh leis go h-airighthe 7 tháinig eagla ar na "Buanaithe" é seo an leas-ainm a bhí ar an ndream so, 'neósfad sé scéul dá mháighistir nárbh mhaith leó féin.
D'imthigheadar ar a thóir gan teip.
Thánadar suas leis ag bóithrín a'Steóir 7 do chrochadar ar crann beithe a bhí ag fas ann é, 7 ó'n lá san go dtí lá a leagtha, do tugadh beith an chrochaire ar an gcrann san.M Ó Donnchadha, P.O.
Cill Fhorglan.ó Eoghan Ó Séaghdha,
Loch Carthaighe, ná maireann,
80 bl. nuair a cailleadh é- Collector
- M. Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Killorglin, Co. Kerry
- Informant
- Eoghan Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Lough Caragh, Co. Kerry