School: Dubhghlas (C.)
- Location:
- Douglas, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean de Róiste
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhghlas (C.)
- XML Page 401
- XML “Féilte <span class="exact">na</span> Bliana - Lá Bealtaine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bealtaine cun onóir a tabhairt do "Máthair Íosa Críost". Do thógaidís coinneal amach ins an cró cun ribí gruaige a bhíodh ar uth an bhó do dhoghadh. Ní raibh cead aca an luaithridh do caith amach as an buicéad Lá Bealtaine. Ní raibh cead aca teine do dhéanamh ar maidin go dtí go bhféiceidís gal ag teacht as tig an t-sagairt. Do bhí ortha cómhartha na croise do dhéanamh ar muin na mba le bainne an maidin sin mar deirtear go mbíodh na daoine maithe ar faire ortha agus gheibheidís cómhact ó'n diabhal ar feadh trí lá cun na ba agus leanbhaí do thógaint. Théigheadh a lán daoine amach ar maidin sin agus nighidis iad féin leis an ndrucht agus d'fhanaidís amuigh fé'n gréin go dtí go mbiodh a n-aighthe tirim. Deireadh go mbíodh croiceeann geal aca má 's rud é go ndeineidís é sin. Seo bhéarsa mar gheall air ach is oth liom a ráth nách bhfuil sé in gaedhilg agam.
" They washed their faces in water that never rained or ran,And they dried them on a towelThat was never woven or spun".(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Tullig More, Co. Kerry
- Informant
- Bríghid Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Age
- 63
- Address
- Tullig More, Co. Kerry