School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 057
- XML “Fir Mhaithe”
- XML “Fir Mhaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do súibhal Pádraig Ó Dúmhna, Glaise, Cill-Orglan dtí Croman i gcúig nóimeataí deug, sin 5 míle.Do Seán Ó Conchúbhair ó Cill-Orglan go Corcaigh i dá lá.Do léim Pádraig Ó Rathaille, Glaise, geata timceall se troighthe ar aoirda.Do snámh Eamonn Ó Súileabháin, ó béal na Leamhna go dtí Pointe Cromán timcheall seacht míle i gceithre uaire.Do bhaineadh Dómhnall Ó Súileabháin acra féir ó a hocht chlog ar maidin go dtí chuig am thrathnóna. Maireann sé fós.Uair amháin do thóg Mícheál Ó Ríordáin, Lónart, Mála plúir agus mála mine le chéile agus chur sé isteach sa Carr iad, Fuair sé bás bliadhanta ó shoin.Chur Seán Ó Séaghdha, ó Thullach, Cairt an chapaill anáirde ar coca feir a bhí ag imtheacht leis an ngaoithe.Pádraig Ó Morónaig, Glaise,
IV Rang.
óm athair; Mícheal Ó Morónaig,
Glaise, 65 bl.- Collector
- Pádraig O Morónaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál O Morónaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Fear maith siúbhail ab eadh Diarmuid Ó Gealbháin, Oileán Stuaca,
Do siúbhal sé ó Cromán go Cill-Orglan in leath uair a chluog,
Sin 5 míle.Fear maith reatha ab eadh Dómhnall Ó Téacháin.
Do rith sé ó Dúmhacha go Cill-Orglan in fiche noimeat,
Sin sé míle.Do snámh Seán Ó Cathasaigh ó Phointe Cromán go Dúcha i deich noimeataí.Diarmuid Ó Gealbháin,
Oileán Stuacha, IV Rang.
ó Phadraig Ó Teachain,
Oileán Stuacha, 68 bl.