School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is maith leis na buachaillí bheit ag deanamh breagán mar caitheamh aimsire.
Deineann síad clíabháin éin.
Gheibheann buachaill ceithre clairíní ar chómh fhaid agus tárnálann sé len a cheile iad, i bhfuirm cearnóige.
Annsan cuireann sé ceithre meathán i ngach cuinne agus ceangluigheann sé le na chéile iadh le píosa corda.
Annsan cuireann sé cipíní ar gach taobh de suas go dtí barr na meatháin.
Cuireann sé bogha air, agus ceangluigheann sé ins an dá cúinne é.
Gheibheann sé gabhlóg agus sláitin dríoctar agus cuireann se an clíabhán san páirc in aice an chlaidhe.
Annsan cuireann sé an gabhlóg fe agus cuireann sé gráinní ráibe isteach fé.
Nuair a chionn an t-éan na gráinní ráibe téigheann sé isteach ann agus nuair a léimeann sé ar an bógha, tuiteann an ghabhlóg agus bíonn sé gabhtha f'én gclíabhán.
Deineann siad gunnaí agus "Flop guns" a tugtar ortha.
Gheibheann siad craobh dirrach de'n crann tirim tímcheall sé órdlaighe ar fhaid agus tógann siad amach an lár le bior dearg.
Annsan deineann(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Séaghda
- Gender
- Male
- Informant
- Diarmuid Ó Brosnacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir