School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0501
- XML “An Bhó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair bleághtar bó do'n gcéad uair is ceart pinghinn a chur ins an soitheach agus fód lasta a chur timcheall a coise trí uaire.
Sul tosuightear ar maistre a dhéanamh is ceart salann a chraith ar an mbainne agus splannc as an dteine a chur faoi an gcuinneóig.
Ní cheart aon rud a thógáil as teach ina mbíonn maistre ar siubhal.
Nuair a imthigheann an im ó’n mbainne is ceart píosa iarainn a chur faoin soitheach ina mbailightear an bainne.
Is ceart salann a chur ins an mbainne nuair tugtar do duine é i n-aisge.
Ní cheart bainne a thabhairt d’aoinne lá Bealtaine nó an chéad lá de’n mblian.
Nuair a gheibheann bó bás is ceart píosa iarainn a cheannacht leis an airgead a gheibhtear ar an gcroiceann.
Is ceart comhartha na Croise a chur ar bhuin nuair a bleághtar í. — Bríghid Ní Éalbháird.
Má thugann duine isteach san dteach in a mbíonn maistriú ’ghá dhéanamh is ceart dó dreas a thabhairt ar an maistriú.