School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0529
- XML “Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a cailltear duine idtig 'n-a mbíonn clog ar suibhal stoptar an clog agus ní cuirtear ar suibhal arís é go mbíonn an duine curtha. Nós eile atá coitchiannta i gCo. Shligigh seardh gan an luath ó'n dteine a chur amach as an dtigh go mbíonn an socraid imthighthe. Déantar carn de le h-ais na teineadh nó cuirtear i sean bhuicéád í.Deirtear nach ceart deor a shuilt go ceann dhá uair a chluig tar éis an duine d'fháil bás. Fir is mó bhíos ar thórramh agus is mó fhanas ann go maidin.Ní cheart do mhnaoi aonrach dul isteach i dtig cuirp. Ba cheart bean eile bheith léi.Tugtar píosa de chré agus tobac do gach duine a théigheas isteach i dtigh ina mbíonn duine marbh. Tá buadh fé leith i maide cuill i n-aghaidh droch-sprideanna.Má tá duine le bheith curtha ar an Luan is gnáthach fód dé'n uaigh a ghearradh Dia Dómhnaigh.Níl sé sona éádach a ghearradh nó gruag a ghearradh ar an Luan.An duine is deireannighe chuirtear i roilig deirtear go mbíonn an duine sin ag tarraingt uisge chun na coda eile go dtagann duine eile.Ní théightear aon bhóthar nua le corp má's féidir(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Gender
- Female