School: Lough Arrow
- Location:
- Lough Arrow, Co. Sligo
- Teacher: Cathal Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lough Arrow
- XML Page 107
- XML “Na Tornóga Bricí”
- XML “Pisreoga i dtaobh Oibre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghúithí na bricí seo annsin a úsáid chun semní do tóghail no iad do úsaíd timcheall fuinneóga srl.
- I lár na naomhadh aoise díag, bhí pisreóga an-coitchiantha ins an bparoíste seo agus chreid na daoine go h-iomlán ionnta: tá siad go fairsing fiú amhaín go dtí an lá atá indiú ann go mór-mór imeasg na sean-daoine.Cheapadar ins an naomhadh aois déag agus ceapann na sean-daoine go fóill é, nach dtiocfadh aon ráth no slán (?) ortha féin ná ar a mbarrannaí da mbá rud gur thosuigheadar ar aon obair úr a déanamh, (cuir i gcás treabhadh) ar aon lá sa tseachtain acht Dia Luain no Diardaoin: De réir leó bhí sé an mí-ádhmhar obair a thosnuighadh ar Dia Máirt, nach dtiocfadh slán (?) ortha ariamh ná ar a seacht nglúin (?) le teacht in a ndiaidh:Sul thógas siad ag tógaíl tíghe, chuiridís ceithre chloch, ceann ingach coirneál an tighe, agus d'fhágaidis annnsin iad ar feadh na h-oidhche: Da mba rud(continues on next page)