School: Cnoc na gCaiseal (B.) (roll number 9708)
- Location:
- Knocknagashel, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ua hErnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na gCaiseal (B.)
- XML Page 080
- XML “Séamus an Fhíodóra”
- XML “Uillioc Ó Céirín - Eulick Cairn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chomhnuigh fear darab ainm Séamus Ó Catháin thall i dtuairín Ochuig, atá leath-slighe idir Cnoc-na gCaiseal agus Mullach a' Bhrosnagh.Bhí Séamus ar an saoghal so timcheall céad bliadhain ó shoinFigheadóir agus file do beadh é. ach bhí slighe-bheathadh eile aige leis, báille do beadh é.Chuaidh sé amach lá chun barántais do sheirbheáil ar mhnaoi, ach nuair do chonnaic sí ar a téicheadh. Rith Séamus in a diaidh ach do theip air teacht suas lei.Nuair d'fhill ré abhaile um thráthnóna d'fhiafruig a bhean féin de conus ar éirigh leis.Sid é an freagra do fuair sí. -
"dá fhaid mise 'm'bháille nior crádhadh riamh an croidhe 'gam.
Gur cuireadh i ndiaidh Mháire MhÓir Láidir Ní Bhrughin mé.
Shiubhlaigheas an baile bán dí, Tigh Thálbot, 's na coillte.
Agus nuair a bhinn-se san árd do bhíodh Máire san iseal."- Collector
- Micheál Heffernan
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Knocknagashel, Co. Kerry
- File eile do beadh Eulick Cairn. Bhí mac darab ainm Seán aige. Lá áirighthe cuireadh Seán amach ag scoilteadh giúise ag a athair, ach tháinig sé isteach i gceann tamaillín gan mórán déanta aige. Ca' na thaobh ná fuil tú ag obair a Sheáin, ars a athair. Seo é an freagra a fuair sé. -
"Bhí smután cas, cruaidh ann, agus tuagh bhí ar bogadh
an ghaoth anoir 'dtuaidh, agus fuacht ar mo chosa
agus bochtán gan fuaimeint a d'iarraidh é scolthadh."- Collector
- Micheál Heffernan
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Knocknagashel, Co. Kerry