School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 059
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 059
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul.Bhí sagart ins an baile mór ceithre bliana tréis ordaining a dhéanamh air, agus bhí ministear timcheall le míle macaire d’túaith uaidh agus bhí cailín ana bhreágh d’inghean aige. Níor mhair a mháthair in aon cor. Bheul, chúaidh an sagart agus bain sé dhe culaith an Aifrinn agus chuaidh sé go dtí an parson agus d’fhan sé ann in aonfeacht leo. Bhí fear meadon aosta agus bhí ana-ghéar-caint aige. Tadhg Ó Loinsig a b’ainm dó. “Mhuise a athair,” ar seisean leis an sagart paróiste. “Tabharfad-sa fé sin Dé h-Aoine.” “Is suarach on tairbhe duit sin” ars’ sagart. “Is cuma liom. Tástálfad é ac go h-áirighthe,” arsa Tadhg. Bhí cailín bocht aagus chuaid sí go dtí tig an pharsúin ag lorg blúraí beaga bídh d’fhanfadh na ndiaidh. Chuaid Tadhg go dtí an cailín bocht sa féachaint cad é an t-am a bhíodh an dinnéar acu. “Timcheall a h-aon” ar sise. Is cuma cad é an t-am; bheadh sé lá luath acu agus lá déanach acu. Crothfaid sí an clog beag nuair a bheidh sé ollamh aici.” Chuaid sé isteach Dé h-Aoine nuair a chuala sé an clog á buaileadh agus shuidh sé suas cois na teine. Bhí inghean an parsúin ag faghailt dinnéir dóibh agus do chuir sé isteach ró comhgharach do’n teine. Chuaidh sé suas an tseomra go dtí a h-athair. Dubhairt Chuaid sé isteach Dé h-Aoine nuair a chuala sé an clog á buaileadh agus shuidh sé suas cois na teine. Bhí inghean an parsúin ag faghailt dinnéir dóibh agus do chuir sé isteach ró comhgharach do’n teine. Chuaidh sé suas an tseomra go dtí a h-athair. Dubhairt sí ná féadfadh sí aon nídh a dhéanamh. “Cad na thaobh?” arsan t-athair. “Tháinig fear bocht(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry