School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eibhlín Dubh Ní Chonaill.
Aintín do Dhomhanll Ó Conaill ab eadh Eibhlín Dubh. Nuair do marbhuigheadh a fear, Art Ó Laoghaire go fealltach do cheap sí caoineadh mar gheall air atá ar na caointibh is fearr 's is inspéise dár cumadh i n-éin teangain riamh. Méadar sgurtha agus cainnt chruinn shimplí atá ann, agus fuinneamh agus mothú ionghantach san dán. Níl éin nídh cosamhail lei "Caoineadh Art Uí Laoghaire". Tá an tosnú go bríoghmhar.
"Mo ghrádh go daingean tú
la dá bhfeaca tú
Ag ceann tighe an mhargaidh
Thug mo shúil aire dhuit
Thug mo chroí taithneamh duit
D'éaluigheas ó m'athair leat
I bhfad ó bhaile leat".
Rugadh Eibhlín Dubh O Conaill sa mblian 1750 agus fuair sí bás san mmblian 1,800. (Féach leath. 51)- Informant
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meentoges, Co. Kerry