School: Ráithín (B.) (roll number 9304)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ua Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (B.)
- XML Page 478
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí fear ‘na chomhnuidhe in áit éigin in aice le teora na gConndae fadó agus maor de shaghas éigin a bhí ann. Do bhí leas-ainm air – “Stewardeen.” Bhí gadhairín beag aige agus do mhair sé in a aonair i dtigín beag ar thaobh an chnuic.
Do théigheadh an gadhairín in gach áit leis agus an Domhnach so ach go h-áirithe nuair a bhí “Stewardeen” ag dul go dtí an Aifreann do lean sé é.
Do dhein “Stewardeen” a dhícheall chun é do bhagairt abhaile ach ní raibh aon mhaith dhó ann.
Bhí san go maith agus nuair a chuaidh “Stewardeen” isteach san séipéil do chuaidh “dúirín” isteach ina theannta.
Do tháinig an Sagart amach ar an altóir agus do chonnaic sé “Dúirín” síos uaidh. D’orduigh sé do’n té gur leis é do cur lasmuigh de’n doras ach in aimhdheoin gach ní a déanfadh “Stewardeen” ní raghfadh “Dúirín” amach dó.
T’réis tamaillín do chonnaic an sagart go raibh an gadhar(continues on next page)- Informant
- Siobhán Ní Chodhlata
- Gender
- Female
- Age
- 71
- Address
- Annagh Beg, Co. Kerry