Scoil: Clochar Lughaidh, Carraig Machaire Rois (uimhir rolla 15329)
- Suíomh:
- Carrickmacross, Co. Monaghan
- Múinteoir: Sr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá stát mór suidhte do'n taobh thiar de Charraig Mhachaire Rois. Ó h-innseadh an sgéal seo de'n chéad uair tá mórán aithrighthe tagaithe ar an áit. Roinneadh í in a lán de deirmeacaibh beaga agus i bhfeirm amháin acu tá páirc fé leithe agus tá poll mór san dtalamh agus deirtear go raibh bó fá leith san bpáirc sin ag inior na céadna bliain ó shoin - bhí an oiread sin bhainne aici nárbh fhéidir í a thaladh líón gach éinne a soighigheacha agus i ndeire na dála dubhairt bean go dtalfadh sí an bhó go dtí an braon deireannach. Thug sí criathar leithi agus amach léi. Do bhligh sí an bhó agus do bhligh sí go dtí go bhfuair an bhó bás. Fágadh poll san dtalamh i bhfuirm baisín agus tá sé le feicsint go fóill.D'innis Seán Mac Caba, Creary, Carrickmacross.
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Caba
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Creevy (Swinburn), Co. Monaghan