School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 237
- XML “Na Prátaí”
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuirtear na prátaí móra i bpoll leó fein agus cuirtear na práití beaga i bpoll eile.
Is mór seo a deintear an poll i gcoir práití annso.
Tógtar cúpla sluasad cré as an dtalamh agus deintear poll timcheall dhá throigh go leith ar leithead, agus sé órlaighe in-doimhneach agus cuirtear na prátaí isteach ann.
Annsan cuirtear tuighe nú biríneach leo agus lasmuig den tuighe cuirtear cré tímcheall naoi n-orlaighe ar tiughdeas,
Fágtar na prátaí annsan go dtí go dtagann an t-Earrach.
Tarraingeatar na prataí i gcóir bídh isteach sa scioból in-deire cúpla mí.
Ní fheaca mé riamh "starch" déunta de práití ach d'innis mo mháthair gur deineadh sí fein é geall le cúig bliana déug ó shoin.Luighseach Ní Chonmhaighe,
Dúca. - Ní fheaca mé riamh "starch" déunta de prátaíach d'innis mo shean-mháthar dom gur deineadh sí féin é geall le triochadh bliain ó shoin
Connac mo shean-mháthar ag déanamh stampí go minic.
Gheibheann sí fadhbháin agus baineann sí an croiceann díobh le sciain.
Cimiligheann sí na fadhbháin ar an sgríobadóir agus deineann sí píosaí beag bideacha díobh.
Cuireann sí na prataí isteach san éadach bán agus faisceann sí dlút iad.
Tagann an súgha amach tríd an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Shúileabhain
- Gender
- Female
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry