School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta.
Aon lá amháin do thuit a bhean breóidhte agus do chuaidh an fear amaah ag marchaidheacht ar capall ag lorg dochtúra chun í a leighiseadh agus ar a slighe dó ag teacht abhaile do casadh bean áluinn leis agus d'fhiafruig sí de an raibh sé pósta riamh.
Dubhairt an fear go raibh a bhean sa bhaile go breóite.
Annsan dúbhairt an fear go raibh na leanbhaí ró óg chun é a phósadh airis.
B'é an bhean san a bhean féin.
Fuair sí bás nuair a raibh sé ag triall ar an ndocthúir agus thainig a spiorad ar an mbhóthar ag cainnt leis.
Deineadh an file an dán so mar gheall air.Ar mo ghábhailt tré Baile-Atha-Cliath go dtí moch ar maidin
Do casadh cailín óg orm, do bhí scál rós 'na lacaidh.
Disirig dom a n-óg bhean, cá gcómhuigheann tú a mharcaidh
Nú a dúth atá ar do lóisdín
Is ann a cómhnuighim le seala. II.
Arcaidh scéal nua agam ortha is déanaí ar do rádh ar bhaile.
Ar maidin do cheile nú an raibh sí riamh mhaith agat
D'fhágas im dhiaidh í go tinn deifreach
Agus dochtúir ní bhfaigheadh é a leighiseadh a galar.Bríd Ní Chárthaigh,
Cromán Uachtar,Fuaireas an t-amhrán so ó-
Seán Ó Éaluighthe,
Cromán Uachtar.- Collector
- Bríd Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Éaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry