School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 268
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mo Cheanntar Féin.
Screathan an ainm atá ar an mbaile ’na bfhuilim im’ chómhnaidhe. Tá sé i bparóiste Cill-Orglan agus i mbarúntacht Uibh Ráthaig. Tá sé-deug de tighthibh ann anois ach bhí seacht- deug tighthibh ann fadó. Tá slinn agus tuighe ar thuile acu ach bhí birín ortha fadó. An slinn is coitchianta atá ortha. Tugtar an t-ainm sin uirthi mar deirtear nuair a tháinig ár sinnsear ann, ní raibh ann ach fraoch garbh agus aitinn. Tá seisear sean daoine ós cionn seachmhó bliain ann.
Tá Gaodhluinn go blasta acu agus is féidir leo scealta d’innsint i nGaedhlig agus i mBéarla. Ainmeacha na ndaoine atá ós cionn 70 bliain. Máire Bhean Uí Carúna. Caitlín Bean Ui Fhoghlada. Pádruig Seóghdha. Pádruig Ó Carúna. Domhnall Ó Carúna. Mícheál Ó Foghlada.
Cómhnuighean siad go léir i dTullach Uachtar. Tá trí seana fothrac tighe ann. Tá cuid de’n talamh min agus cuid eile de garbh. Tá aon abha amháin ann agus tugtar caol air. D’imthig alán daoine as an áit go h-Ameirce fadó.
Caitlín Ní Seógh, Screathan.- Collector
- Caitlín Ní Seógh
- Gender
- Female
- Address
- Scrahan, Co. Kerry