School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fhág an luch aon chleite ar an nfreoilín mbocht; agus níor fhág an dreoilín aon fhionnadh ar an luch. Do chuireadar fógra amach go mbeadh cath mhór aca airís i Loch Léin; ahus ní raibh luch no franncach ar fuaidh na hÉireann na raibh ann; is bhí gach aon sórt éin ann ó'n dreoilín goi dtí an fiolar! Do lean an troid ag cois leamhain go marbhuigheadar a chéile.
Bhí franncach mór is fiolar laidir ann is níor stadadar ag troid go dtí go dtáinigh siad go dorus an duine uasail. Tháinig mac an duine uasail amach. Fuair sé comán is bhuail sé buille ar an bhfiolar, is bhris sé a sciathán. D'iarr an fiolar air cad na thaobh gur bhri go a sciathán is nár mharbhóchadh se ar fad é. Dubhairt sé na marbhóchadh sé, ach go gcuirfeadh sé in áit in a raibh a lán caoirce is cruithneacht. Chaith sé isteach ann ar faidh trí seachtmhaine go dtí go raibh a sciathán ag dul ibhfeabhas.
Tháinig an mac chuige lá, agus d'iarr sé air an raibh an sciathán go maith airís. Dubhairt an seabhach dul ar a dhruim, go n-eirigeóchadh sé leis go dtí an spéir. Chuaidh an mac ar a dhruim agus d'eirig sé liath an slighe, ach b'éigin do teacht thar nais airís. Do fhan sé ann seachtmhain eile, agus tháinig mac an duine uasail chuig ag iarraidh air an raibh sé go maith.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ashgrove, Co. Kerry